Tionscnamh Tacaíochta Spriocdhírithe um Infhostaitheacht i measc na hÓige

Tionscnamh Tacaíochta Spriocdhírithe um Infhostaitheacht i measc na hÓige

Tá LOETB ag glacadh le hiarratais anois faoin An Tionscnamh Tacaíochta Spriocdhírithe um Infhostaitheacht na hÓige (TYESI) 2024

Tá sé beartaithe le TYESI cláir, idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun tacú le daoine óga idir 15-24 bliana d’aois nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, trí idirghabhálacha pobalbhunaithe agus tacaíocht a chur ar fáil chun feabhas a chur ar a scileanna boga, ar a muinín agus ar a ngníomhaireacht chun rannpháirtíocht daoine óga i gconairí dul chun cinn a áirithiú.

Is é €47,000 an t-uaschistiú atá ar fáil do LOETB le haghaidh 2024 faoin TYESI, móide leithdháileadh breise suas le €5,000 le haghaidh costais bhunaithe neamhchaipitil aonuaire (in 2024 amháin).  Cuirfear leithdháiltí ar fáil ar bhonn pro rata le haghaidh 2024.

Féach an Treoraíocht TYESI, Nóta Faisnéise, Teimpléad scórála agus Foirm Iarratais le haghaidh sonraí iomlána maidir leis an tionscnamh. 

Is é an dáta deiridh chun foirmeacha iarratais atá comhlánaithe go hiomlán a chur faoi bhráid BOO LOE trí ríomhphost amháin chuig [email protected] agus Dé Céadaoin an 6ú Márta 2024Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Tacaíonn an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige leis an Tionscnamh Tacaíochta Spriocdhírithe Infhostaitheachta don Aos Óg.

An Tionscnamh Tacaíochta um Infhostaitheacht don Aos Óg (TYESI) 2024 Faisnéis tacaíochta

Scrollaigh go Barr